Joomla 3.1 Templates by FatCow Coupon

Oíche Ghaeilge agus Gháidlige

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events Cruthaithe: Déardaoin, 29 Samhain 2012 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Déardaoin, 29 Samhain 2012 Scríofa ag Riarthoir

 Beidh oíche cheiliúrtha ceoil agus amhránaíochta Éireann is Alba ar siúl ar an 8 Nollaig ag 7.30pm i mBaile Loch Garman. Is san Tobar: Ionad Gaeilge agus Cultúir a rithfear an oíche.

Ar an oíche, beidh an Albanach Griogair Labhruidh agus an Chonallach Doimnic Mac Giolla Bhríde ag casadh. Tá clú agus cáil bainte amach ag Griogair agus Doimnic lena gceol agus n-amhráníocht le blianta beaga anuas.

Chun an oíche seo a cheiliúradh, táimid ag ofráil 10 péire ticéad soar in aisce don phobal! Níl ort ach teagmháil a dhéanamh linn agus an focal ‘Gaeilge' rá! Teagmháil: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó 087 9135271

        

Amais: 1594