Joomla 3.1 Templates by FatCow Coupon

Le Teacht | Upcoming

Cruinniú Cinn Bliana

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé hAoine, 06 Bealtaine 2011 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Dé hAoine, 06 Bealtaine 2011
Scríofa ag Riarthoir

Beidh Cruinniú Cinn Bliana NA MACALLAÍ á rith ar an 16ú Bealtaine sa Talbot Hotel, Baile Loch Garman ag a 7pm agus ba mhór againn thú a bheith i láthair.

Tá go leor le plé ar an oíche. Ritheann NA MACALLAÍ clubanna óige, féilte, ranganna agus go leor leor. Más spéis leat a bheith ag obair le grúpa dearfach uathúil déán freastal ar an oíche. Muna bhfeileann an oíche dhuit, níl aon fhadhb, just cuir in iúl dúinn má tá suim agat a bheith páirteach sa ghrúpa agus feicfimid ag an gcéád chruinniú eile thú. Ní gá dhuit a bheith líofa sa Ghaeilge, just caithfidh tú a bheith tiomanta don obair atá ar siúl againn. Déan teagmháil linn má tá aon cheisteanna agat. Le cúnamh Dé feicfimid thú ar an oíche, Teagmháil: 087 913 5271 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Solas; Club Gaeilge agus Ceoil

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Déardaoin, 28 Aibreán 2011 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Déardaoin, 28 Aibreán 2011
Scríofa ag Riarthoir

Beidh an chéád Solas eile ar siúl ar an Aoine, 07/10/11 sa Sky and The Ground, Loch Garman ag 9.30pm. Beidh Na Buachaiilí ag soláthar scoth an cheoil ar an oíche agus beidh fáilte is fiche roimh aon cheoltóirí eile chun teacht agus casadh leo ar an oíche. Is deis iontach é an oíche seo chun do chuid Ghaeilge a chleachtadh in atmaisféar réamhchúiseach. Níos mó eolas: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó 087 913 5271

Cúrsaí Lár-téarma

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Déardaoin, 23 Meán Fómhair 2010 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Déardaoin, 23 Meán Fómhair 2010
Scríofa ag Richie Ó hEadhra

Tá Na Macallaí ag glacadh le ainmneacha anois do chúrsaí Gaeilge lár-téarma. Clúdaíonn na cúrsaí seo ceachtanna don dhaltaí a bhéas ag suí an Teastas Sóisireach agus an Árd-Teistiméaracht, chomh maith le déagóirí atá ag stracailt leis an Ghaeilge i gcoitinne. 

Beidh na cúrsaí seo ar siúl in Inis Córthaidh & Loch Garman ón 25u go dtí an 28u Deireadh Fómhar. Ní mhór teagmháil a dhéanamh le Richie ar 0879135271 nó ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..