Le Teacht | Upcoming
Trad for Trócaire Seó Gaelach
Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé Céadaoin, 22 Meán Fómhair 2010
Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014
Foilsithe: Dé Céadaoin, 22 Meán Fómhair 2010
Scríofa ag Richie Ó hEadhra
Beidh imeacht ar siúl in Inis Córthaidh ar an Satharn an dara lá do mhí Deireadh Fómhair ón 10am go dtí an 6 tráthnóna ar mhaithe le Trócaire. Is iad Celtic Roots a bhéas ag cuir an siamsiacht ar fáil agus ba mhór leo bhur dtacaíocht.
Club Solas
Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé Céadaoin, 22 Meán Fómhair 2010
Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014
Foilsithe: Dé Céadaoin, 22 Meán Fómhair 2010
Scríofa ag Riarthoir
Tá Club Solas ar ais!! Tá an chéad Chlub Solas eile ar siúl ar an Aoine seo (24/09) sa Sky & The Ground (thíos i dtreo an Dún Mhuire) ó 9.30i.n ar aghaidh. Beidh ceol beo, craic agus caint ann. Bígí linn agus scaipigí an focal le bhur dtoil! Tabhair cara leat, míle fáilte roimh chách!
Dioplóma sa Ghaeilge 2010
Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2010
Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014
Foilsithe: Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2010
Scríofa ag Riarthoir
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag tairiscint Cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge (páirtaimseartha thar dhá bhliain) i Loch Garman. Tá na Dioplómaí seo Bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus ag leibhéal 7 d’Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann (NQAI).
Ní mór do na hiarrthóirí a dteastaíonn uathu Leibhéal B2 nó C1 a dhéanamh Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh. Déan iarratas ar líne ag www.acadamh.ie.
Clárú: Déardaoin, 23 Meán Fómhair 2010 ar 7.00 i.n. i FDYS, Sráid Phroinsias, Loch Garman.
Táille: €1,035 sa bhliain an táille don seisiún 2010-11.
Teil: (091) 495248/493061
Ríomhphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Tuilleadh Alt...
Leathanach 17 de 29
