Joomla 3.1 Templates by FatCow Coupon

Le Teacht | Upcoming

Seoladh Leabhair

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé Luain, 30 Lúnasa 2010 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Dé Luain, 30 Lúnasa 2010
Scríofa ag Riarthoir

Ba mhór ag Coiscéim agus ag Comhairle Contae Loch Garman thú a bheith i láthair ag seoladh an leabhair Aoibhinn Beatha an Scoláire le Colm Mac Confhaolai Leabharlann Bhaile Loch Garman Tráthnóna Déardaoin, 9 Meán Fómhair ag 7.00. Is é Meara Loch Garman, an tUasal Joe Ryan, a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil. Beidh sóláistí ar fáil - togha gach bia agus rogha gach dí.

Bileog anseo:

Ranganna

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé hAoine, 27 Lúnasa 2010 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Dé hAoine, 27 Lúnasa 2010
Scríofa ag Riarthoir

Beidh na dátaí do na ranganna anseo an tseachtain seo chugainn(01/09), seiceáil ar ais anseo go luath...

Ceol Cé 2010

Máthairchatagóir: Imeachtaí | Events
Cruthaithe: Dé Máirt, 03 Lúnasa 2010 Nuashonrú Is Déanaí: Dé Luain, 08 Meán Fómhair 2014 Foilsithe: Dé Máirt, 03 Lúnasa 2010
Scríofa ag Riarthoir

ceol_ce_ceart.png


 

Is ar an 28ú Lúnasa a bhéas Féile Ceol Cé na bliana seo i gcearnóg Selskar i mbaile Loch Garman. Iompóidh an chearnóg isteach ina lár-ionad chultúrtha don lá ar fad áit a bhéas imeachtaí don chlann uilig ag tarlú. 

 

Beidh péinteáil éadain ar siúl chomh maith le dealbhadóireacht ballúin agus go leor eile. Ina theannta sin, beidh taispeáintais cheardaíochta le feiceáil ar an gcearnóg, déantús chiseáin agus potadóireacht ina measc. 

Beidh ceol mar chroí-lár ag an bhféile seo agus tá ceoltóirí don scoth chun a bheith i láthair ar an lá. Beidh na Celtic Roots agus na Wilds Turkeys gur as Loch Garman dóibh ag seinm luatha sa lá agus is ceol tradisiúnta a bhéas faoi chaibidéal acu siúd.  

Beidh grúpa Samba Loch Garman ag tabhairt blaise idirnáisiúnta don lá freisin agus iad ag cuir taispeáintas spleodrach ar fáil dúinn. 

Is iad Luan Parle agus Clive Barnes iad na chéad cheoltóirí a bhéas ar an bpríomh stáite ag 5.30in agus gairid ina ndiaidh siúd beidh an draoídóir Gerry Banjo Ó Connor agus a bhanna. 

Tabharfaidh Liam Ó Maonlaí óna Hothouse Flowers go ceann scribe muid ar chearnóg Selskar le ceann dá chuid ceolchoirmeacha íontach phaiseanta. Ní thugann Ó Maonlaí faoi ceolchoirm riamh nach gcuireann sé a chroí agus a anam isteach ann agus tá muid ar fad ag súil go mór leis sin. 

I ndiaidh na himeachtaí seo ar fad i gCearnóg Selskar, beidh Vertigo – banna ómóis do chuid U2 ag seinm san Sky and the Ground ag 10.45in agus beidh an áit ag racáil leis go deirneach. 

Ní bheidh cead aon ól nó bia a thabhairt isteach ar chearnóg Selskar ach beidh neart bialainn agus café’s ar oscailt chun bia agus deoch a fáil. 

Is ócáid saor in aisce a bhéas i bhFéile Ceol Cé agus tá súil againn chuile dhuine a fheiceáil ann agus iad ag déanamh iarracht a gcuid Gaeilge a labhairt.

Clár anseo: