• Creative Ireland
    Creative Ireland

    Tá athsheoladh an tsuímh seo maoinithe ag Creative Ireland faoin togra Bhliain na Gaeilge 2018.

  • Wexford County Council
    Wexford County Council

    Tá athsheoladh an tsuímh seo maoinithe ag Comhairle Contae Loch Garman faoin togra Bhliain na Gaeilge 2018.

  • Na Macallaí
    Na Macallaí

    Ag cur chun cinn na Gaeilge i Loch Garman.

Fúinn

Fúinn

10. 08. 07
Hits: 1170
Star InactiveStar InactiveStar InactiveStar InactiveStar Inactive

Bunaíodh ‘Na Macallaí’ i 2006 chun na Gaeilge a chur chun cinn i gContae Loch Garman. I 2008 fuair ‘Na Macallaí’ maoiniú ó Fhoras na Gaeilge faoi ‘Scéim Phobail Gaeilge 2008-2010’. Fostaíodh ‘Na Macallaí’ an chéad oifigeach forbartha Gaeilge riamh sa chontae i 2008, b’é Richie Ó hEadhra ó Ghaeltacht Chonamara a ceapaíodh. Tá réimse leathan d’imeachaí ar siúl ag ‘Na Macallaí’ agus iad ag cur chun cinn na Gaeilge sa chontae

Tá go leor bainte amach ag NA MACALLAÍ in achar gearr. Tá ranganna caighdeánaithe Gaeilge ar siúl againn ar fud an chontae in éineacht le hOÉ, Maigh Nuad ina bhfuil an cáilíocht Teastas Eorpach na Gaeilge le fáil ag deireadh na gcúrsaí do na rannpháirtithe. Tá féidearachtaí  an Dioplóma sa Ghaeilge a chur ar siúl san Oirdheisceart pléite le hOÉ, Gaillimh. Tá club óg bunaithe in éineacht leis an eagraíocht náisiúnta Ógras, agus tá an tóir air. Tá imeachtaí rialta ar siúl againn ar fud an chontae, clár oifigiúil Seachtain na Gaeilge, an féile Ghaeilge ‘Ceol Cé’ ina measc. Faigheann suíomh idirlíon NA MACALLAÍ na mílte cuairteanna in aghaidh na míosa. Tá oícheanta sóisialta rialta againn, ciorcail chomhrá, maidineacha caifé agus ritheann muid Club Leabhar Gaeilge in éineacht le Leabharlann Chontae Loch Garman. Bhuaigh an grúpa Duais Aitheantas ó Ghlór na nGael i 2009 as na hiarrachtaí atá á dhéanamh ag an grúpa chun na Gaeilge a chur chun cinn sa chontae.

 Tá stádas carthanachta ag NA MACALLAÍ ó 2010. Is é ár n-uimhir chláraithe ná CHY 19299.